TG4 - Teilifís na Gaeilge

10/22/2026 | Press release | Distributed by Public on 10/23/2026 08:00

TG4 to Celebrate 30 Years on Air with Special Broadcasts, Launches and Lots of Live Coverage from Oireachtas na Samhna 2026

TG4 to Celebrate 30 Years on Air with Special Broadcasts, Launches and Lots of Live Coverage from Oireachtas na Samhna 2026

22.10.26



Íomhánna

Clúdach TG4 ar Oireachtas na Samhna 2025

Déanfaidh TG4 ceiliúradh ar Oireachtas na Samhna 2026 i gCill Airne le cúig lá de chraoltaí beo, príomhchomórtas amhránaíocht ar an sean-nós Corn Uí Riada, clár nua 'Braon ón mBarr - Oireachtas 2026' agus Steip. Déanfar sruthú beo ar chomórtais an Oireachtais agus ar sheoltaí spleodracha ó Dé Céadaoin, an 28 Deireadh Fómhair go dtí Dé Domhnaigh, an 1 Samhain.

Is ar an Satharn, Oíche Shamhna, a bheidh an mhórócáid cheiliúrtha ar siúl, nuair a dhéanfaidh TG4 comóradh ar 30 bliain ar an aer. Tríocha bliain díreach ó shin, in 1996, a thosaigh TnaG ag craoladh. I measc bhuaicphointí an cheiliúrtha sin seolfar TG4+, leagan nua agus athdheartha de Sheinnteoir TG4. Chomh maith leis sin, seolfar an dara sraith de CRÁ, sraith dhrámaíochta a raibh éileamh ollmhór uirthi ar fud an domhain.

Beidh an lucht féachana anseo sa bhaile agus ar fud na cruinne lárnach i gceiliúradh an Oireachtais tríd an gclúdach cuimsitheach a bheidh ar TG4, ar TG4+ agus ar na meáin shóisialta. Beidh brandaí digiteacha TG4, lena n-áirítear Cúla4, MOLSCÉAL, BLOC, Cartlann TG4 agus Spórt TG4, ar an láthair le linn na féile chomh maith. Beidh atmaisféar agus na scéalta go léir ón deireadh seachtaine is mó i bhféilire cultúrtha na Gaeilge ar fáil don lucht féachana. Beidh rud éigin speisialta i ndán do lucht leanúna an spóirt le linn an Oireachtais freisin! Beidh deis ar leith ag duine ar bith a thabharfaidh cuairt ar sheastán Spórt TG4 Dé Sathairn, an 31 Deireadh Fómhair, trí cinn de na coirn spóirt is mó le rá in Éirinn a fheiceáil: Corn Mhig Uidhir, Corn Liam Mhic Cárthaigh agus Corn Bhreandáin Uí Mháirtín.

Is éard a dúirt Ard-Stiúrthóir TG4, Deirdre Ní Choistín:
"Níl áit ar bith níos oiriúnaí ná Oireachtas na Samhna chun breithlá TG4 a cheiliúradh, i measc phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge. Le seoladh TG4+, craoladh beo Chorn Uí Riada ar TG4 agus seoladh shraith 2 den tsraith choirdhrámaíochta CRÁ, táimid ag ceiliúradh na rudaí is tábhachtaí a bhaineann le TG4, is iad sin ár gcruthaitheacht, ár dteanga, ár gcultúr agus ár bpobal, pé áit a bhfuil siad."


Nóta don Eagarthóir:
TG4+ Cuirfear eispéireas níos fearr don lucht féachana ar fáil leis an ardán nua TG4+. Beidh teacht ar chláracha agus scannáin TG4 ar bhealach níos físiúla ar an ardán nua, agus fágfaidh sin sé go mbeidh teacht ag an lucht féachana ar fud an domhain ar an ábhar a chuireann TG4 ar fáil. Anois agus 30 bliain ar an aer bainte amach ag TG4, neartóidh TG4+ áit TG4 mar mheán seirbhíse poiblí ilardán na Gaeilge.


Buaicphointí Oireachtas 2026 ar TG4


Dé Céadaoin an 28 Deireadh Fómhair

Beidh Gradaim Chumarsáide an Oireachtais ar siúl tráthnóna Dé Céadaoin i Seomra Mangerton, GLENEAGLE, i gCill Airne. Tá 26 ainmniúchán faighte ag TG4 do na gradaim chéanna. Beidh na gradaim le feiceáil beo ar TG4.ie ón 20:00.

Déardaoin an 29 Deireadh Fómhair

Ag 19:30, 7LÁ: Craolfar an clár seo beo ó Oireachtas na Samhna ar TG4 agus TG4.ie (An Bálsheomra, GLENEAGLE, Cill Airne) .
Sa chlár cúrsaí reatha speisialta 50 nóiméad seo, beidh an lucht féachana páirteach sa phlé agus tabharfar deis dóibh ceisteanna a chur ar pholaiteoirí agus ar anailísithe. Is í Máirín Ní Ghadhra a chuirfidh an t-eagrán speisialta seo de 7LÁ i láthair.
Beidh an lucht féachana in ann sult a bhaint as an gcomórtas Agallamh Beirte, as an gcomórtas Sceitse agus as Sean-Nós na mBan beo ar TG4.ie chomh maith.

Dé hAoine an 30 Deireadh Fómhair

Craolfar Nuacht TG4, a bheidh á cur i láthair ag Eimear Ní Chonaola, beo ó Oireachtas na Samhna ag 19:00 ar TG4 agus TG4.ie. (Beo : An Lobbaí, GLENEAGLE, Cill Airne).
Beidh an lucht féachana in ann sult a bhaint as na comórtais Lúibíní, Amhrán Saothair, Amhrán Nuachumtha, agus as Sean-Nós na bhFear beo ar TG4.ie chomh maith.

Dé Sathairn an 31 Deireadh Fómhair

Cothrom an lae seo, 30 bliain ó shin, a craoladh TG4 den chéad uair riamh agus déanfar sin a cheiliúradh le craoladh beo de 'Corn Uí Riada 2026' ar TG4 ag 19:15 agus ar TG4+.
Beidh seoladh ceiliúrtha do bhreithlá TG4 ar an Satharn agus cuirfear leagan nua de sheinnteoir TG4, TG4+ i láthair an lucht féachana. Chomh maith leis sin, seolfar an dara sraith de CRÁ, a taifeadadh i nGaoth Dobhair. Beidh an tsraith dhrámaíochta CRÁ le fáil ar TG4+ agus ar TG4 ón 3 Samhain.
Níos túisce ar an Satharn freisin, craolfar Steip Beo 2026 chomh maith ar TG4 agus TG4.ie ag 13:00.
Maidin Dé Sathairn, beidh Cóisir na Samhna ag Cúla4. Ócáid speisialta Oíche Shamhna don teaghlach ar fad a bheidh anseo. Beidh Caitríona agus Noreen ó Chomhar Naíonraí na Gaeltachta i mbun scéalaíochta agus beidh neart cluichí, ceoil, péinteáil aghaidhe agus spraoi scanrúil mar chuid di!

Dé Domhnaigh an 1 Samhain

Críochnóidh clúdach TG4 ar an Oireachtas le clár nua Braon ón mBarr - Oireachtas 2026 ag 19:30 ar TG4 agus ar TG4+. Ar an gclár nua seo, caithfear súil siar ar an gcuid is fearr d'Oireachtas na bliana seo, comórtais na féile, plúr na n-iomaitheoirí agus na buaiteoirí ina measc.





Ábhar Digiteach agus Meán Sóisialta TG4

Beidh Cúla4, MOLSCÉAL, BLOC agus TG4 ar an láthair le linn na féile, ag cur agallaimh ar dhaoine, ag tabhairt léargas ar an méid a tharlaíonn cúl stáitse, ag roinnt buaicphointí agus ag cur an nuacht is déanaí ar fáil beo. Beidh Spórt TG4 ar an láthair den chéad uair riamh chomh maith, chun bualadh le daoine agus comhrá a dhéanamh leo faoi shaol an spóirt ar na hardáin dhigiteacha, ar an teilifís agus ar na meáin shóisialta.

TG4 - Teilifís na Gaeilge published this content on October 22, 2026, and is solely responsible for the information contained herein. Distributed via Public Technologies (PUBT), unedited and unaltered, on October 23, 2026 at 14:00 UTC. If you believe the information included in the content is inaccurate or outdated and requires editing or removal, please contact us at [email protected]